Silouette graphic representing Tipperary

Young people

All pages relating to young people.

Clár Ealaíon na nÓg

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le páirtithe leasmhara eile, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtáil san amharclannaíocht, sa cheol agus sa scannánaíocht chun leanaí agus daoine óga a spreagadh páirt a ghlacadh sna healaíona.

Clár Cruinniú na nÓg

Féadfaidh údaráis áitiúla imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtáil do leanaí agus do dhaoine óga, amhail amharclann sráide, ceardlanna, taispeáintí agus léitheoireacht mar chuid de Lá Náisiúnta Cruinniú na nÓg chun rannpháirtíocht i gcultúr agus i gcruthaitheacht a spreagadh.

Tacaíocht Chomhairle na nÓg

Comhordaíonn údaráis áitiúla comhairlí óige a thugann deis do dhaoine óga faoi 18 mbliana d'aois a bheith páirteach i mbeartas agus seirbhísí áitiúla a fhorbairt agus saincheisteanna a phlé a théann i bhfeidhm orthu, amhail easpa dídine, sláinte mheabhrach, sláinte choirp, cibear-shláinte agus bulaíocht.