Silouette graphic representing Tipperary

Information and Advice

All pages relating to information and advice .

Faisnéis agus Comhairle Mótarchánach

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle faoi mhótarcháin, mar shampla, conas cáin a chur ar fheithicil, rátaí mótarchánach, táillí, athrú úinéireachta agus díolúintí.

Faisnéis agus Comhairle um Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle d’úinéirí réadmhaoine cónaithe príobháideacha, nach raibh mar phríomháit chónaithe an úinéara i rith na mblianta 2009 go 2013, chun iad a chur ar an eolas maidir leis an muirear bliantúil, na díolúintí féideartha, na pionóis agus cruthúnas na híocaíochta.

Faisnéis agus Comhairle Rátaí Tráchtála

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle d’úinéirí gnóthas maidir leis na rátaí tráchtála a chaithfidh siad a íoc, iarmhéideanna cuntais, díolúintí rátaí agus aistrithe.

Faisnéis agus Comhairle Soláthair

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle do sholáthraithe ar mian leo earraí, seirbhísí nó oibreacha a sholáthar i gcomhréir le treoirlínte soláthair na hearnála poiblí.

Faisnéis agus Comhairle Morgáiste

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle faoi mhorgáistí údaráis áitiúla amhail aisíocaíochtaí, muirir úis, ráitis chuntais agus árachas.

Faisnéis agus Comhairle Ealaíona

Féadfaidh údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle a sholáthar faoi na healaíona agus faoin imeachtaí na n-ealaíon trí nuachtlitreacha a fhoilsiú, bileoga a dháileadh, faisnéis a fhoilsiú ar na meáin shóisialta agus ar láithreáin ghréasáin, nó foláirimh ríomhphoist a sheoladh.

Faisnéis agus Comhairle Oidhreachta

Féadfaidh údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle a sholáthar chun feasacht an phobail ar oidhreacht áitiúil a chur chun cinn agus a mhéadú.

Faisnéis agus Comhairle Dóiteáin agus Éigeandála

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle don phobal, do ghrúpaí pobail agus deonacha, d’úinéirí gnó agus do scoileanna faoi shábháilteacht agus chosc dóiteáin, rialáil dóiteáin, caighdeáin tógála, agus freagairt dóiteáin agus éigeandála.

Faisnéis agus Comhairle Bithéagsúlachta

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle don phobal maidir le gnáthóga a chosaint, móinéir fiadhúlra a chur, éiceachórais a fhorbairt agus a chaomhnú, agus speicis ionracha a bhaint chun bithéagsúlacht áitiúil a chosaint.